We are delighted to announce the recruitment of Aifric Mac Aodha as Irish-language poetry editor to the magazine. It is hoped that with Aifric on board we will be able to include poetry as Gaeilge in each issue from now on. As with all the work we do, we are particularly interested in seeking out work by new and emerging writers. In the interest of bringing this new writing to as wide an audience as possible, we also plan to feature English-language translations of all the poetry selected for publication. To this end we will attempt where possible to pair Irish-language poets up with other poets and/or translators.
Aifric Mac Aodha’s first poetry collection, Gabháil Syrinx, is about to be published by An Sagart. Her poems have been published in various journals, including Poetry Ireland Review, Innti and Bliainiris. She has received a number of prizes for her poetry and was recently awarded an Arts Council bursary.
Tá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil Aifric Mac Aodha earcaithe againn mar eagarthóir filíochta Gaeilge ar an iris. Táthar ag súil go mbeadh dánta Gaeilge i ngach eagrán feasta, anois go bhfuil Aifric inár measc. Mar is nós oibre linn, saothar le scríbhneoirí úra óga atá á chuardach anseo. Tá rún againn aistriúcháin Bhéarla a chur ar fáil i gcás na ndánta a roghnófar, chun go mbeadh teacht ag pobal níos leithne orthu. Chuige sin, déanfaimid iarracht ar fhilí Gaeilge a cheangal le filí agus/nó aistritheoirí Béarla.
Is gar go bhfoilseoidh an Sagart Gabháil Syrinx, an chéad chnuasach filíochta le Aifric Mac Aodha. Tá dánta dá cuid i gcló ar irisí go leor, Poetry Ireland Review, Innti agus Bliainiris ina measc. Is iomaí duais atá gnóthaithe aici as a cuid filíochta agus bronnadh dámhachtain de chuid na Comhairle Ealaíon uirthi le déanaí.
Iarratais á Lorg
While we are no longer accepting other submissions for 2010, we will now take submissions of poems in Irish up to the end of June.
Cé nach bhfuilimid ag glacadh le gnáthiarratais don bhliain 2010, cuirfimid fáilte roimh dhánta i nGaeilge go dtí deireadh mhí an Mheithimh.
Treoirlínte:
- Ní léifear aon dán ríomhsheolta. Seoltar na hiarratais chuig:
Aifric Mac Aodha, Eagarthóir Filíochta, The Stinging Fly, Bosca PO 6016, BÁC 8.
- Ní léifear ach ceithre dhán ar a mhéad
- Ní léifear ach dánta fiche líne nó níos gonta
- Bíodh litir mhínithe leis an iarratas agus seoladh r-phoist luaite inti ar mhaithe le comhfhreagras. Más mian leat go gcuirfí d’iarratas ar ais chugat, bíodh clúdach faoi stampa agus seoladh istigh leis.