Tar liom, a ghrá amach ar na bánta
amach ar bhánta an earraigh
Déanfaidh muid leaba luachra sa ghleann
luífidh muid seal faoi chantain na n-éan

Tar liom, a ghrá amach ar na bánta
Óir ní fothain dúinn
Ballaí an tí seo, ní foscadh
Is racht bróin dár bplúchadh

Cluinim ceiliúr do cheoil i mo chluasa
Is mian liom imeacht leat,
druideanna is cuacha ag eitlit romhainn
Cluinim scairt na machairí orainn is na cnoic

Tar liom, a ghrá amach ar na bánta
Mise a bheas mar bhrídeach sí agat
Brisfidh muid amach as na slabhraí
Óir ní tréise an bás ná an grá…


Love, Come

Love, come with me, out to the fields
out to the spring meadows
we will make a rush-bed in the glen
and lie under birdsong a while.

Come with me, love out to the meadows
The walls of this house
offer no shelter or protection
While this sorrow presses us.

The warble of your music is in my ears
I want to go with you,
starlings and cuckoos flying before us
I hear the call of the plains to us and of the hills

Love, come with me, out to the fields
You will have me as your fairy bride
We will break out of the chains
’cause death is no match for love…

 

–Translated from the Irish by Colm Breathnach